Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Measúnú a dhéanamh ar fhianaise ar fhoghlaim in CFL2anna

Nuair a chríochnaítear an clár foghlama sin, táthar ag súil go gcuirfidh an scoláire fianaise i láthair gur bhain sé amach go rathúil na gnéithe agus na torthaí foghlama lorgtha. Is féidir an fhianaise a chur i láthair i gceann ar bith de na foirmeacha nó na meáin thuas. Beidh Gnéithe Cáilíochta, is é sin na critéir ratha trína ndéantar measúnú ar obair an scoláire, in éindí leis an bhfianaise foghlama. Leagfar amach iontu na rudaí ba cheart a áireamh/a chur in iúl san fhianaise lena léiriú gur éirigh leis an scoláire an toradh/na torthaí foghlama ábhartha a bhaint amach.

Leagtar amach sampla d’fhianaise ar mheasúnú a bhailiú, lena n-áirítear critéir ratha, sa Bhileog Mheasúnaithe Breathnóireachta seo a leanas.

Measúnú
Bileog Bhreathnóireachta/Mheasúnaithe an Mhúinteora sa tSraith Shóisearach
Ainm an scoláire:                     Rang:                                Múinteoir:
Torthaí foghlama i bhfócas: Cá raibh an scoláire ag obair? Seomra Ranga/Pobal

Cód

Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF)

Uimhearthacht

Roghnach: mar shampla cód tagartha fianaise nó cód pleanála/taifid múinteora

Gné:

Áireamhán a úsáid

Toradh Foghlama:

Áireamhán a aimsiú agus a úsáid ar fhón póca chun an méid a chosnóidh roinnt earraí ar thuras siopadóireachta a ríomh

Cód

Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF)

Uimhearthacht

Gné:

Airgead a bhainistiú

Toradh Foghlama:

Íoc as earra i gceart in idirbheart réalaíoch siopadóireachta.

Cód

Aonad Tosaíochta Foghlama (ATF)

Cónaí i bpobal

Gné:

Áiseanna áitiúla a úsáid

Toradh Foghlama:

Áiteanna agus eagraíochtaí aitheanta sa phobal áitiúil a shainaithint

 Gníomhaíocht Mheasúnaithe:
Turas chuig siopa caife

Critéir Ratha:
Céard atá tú ag iarraidh a bheith ar chumas an scoláire a dhéanamh?
• Áit sa phobal a shainaithint agus a roghnú chun cuairt a thabhairt uirthi ó 3 ghrianghraf/íomhá/rogha scríofa.
• Aip áireamháin a aimsiú ar an bhfón chun roghanna bia agus dí scoláire a shuimiú i gcaifé roghnaithe.
• An nóta ceart a fháil as a sparán le híoc as na rudaí a roghnaigh sé, bunaithe ar an suimiú.


Breathnuithe:
Tá fianaise ar an méid seo a leanas...
Roghnaigh Páidí caifé sa cheantar ar an bpainéal idirghníomhach ó rogha de 3 íomhá go neamhspleách. Thaistealaíomar go dtí an caifé agus theastaigh leid ó Pháidí an fón a bhaint amach. Bhí sé ábalta teacht ar an aip áireamháin go neamhspleách ach theastaigh cabhair uaidh chun na digití cearta a chur isteach tar éis a bhia agus deoch a roghnú (pota tae agus scóna le subh agus uachtar agus im!). Thóg Páidí amach a sparán nuair a iarradh an t-airgead air agus d’íoc sé le nóta €5. Leid ó bhaill foirne ag teastáil chun athrú go nóta €10.


Na chéad chéimeanna eile/Aiseolas don scoláire:
Obair ar dhigití a chur isteach san fhón. Slánú chuig praghas níos airde chun an nóta cuí a roghnú.
Fianaise a Bailíodh:
Grianghraif:
Taifeadadh físe:
Síniú: Dáta:


Is féidir fianaise ar an bhfoghlaim a chothú trí raon leathan modhanna measúnaithe agus i réimse foirmeacha. Leagtar amach i bhFíor 2 an próiseas trína gcothaítear, trína mbailítear agus trína mbreithnítear fianaise ar an bhfoghlaim.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.